Rugadh agus tógadh Máire Úna Ní Bheaglaoich i mBaile na nGall i nGaeltacht Chiarraí. Bhí tabhairne ag a muintir agus thagadh ceoltóirí áitiúla Seán Ó Cochláin, Muiris Ó Cuinn, John Donoghue, isteach le boscaí ceoil. Bhíodh waltzanna agus seiteanna ar siúl. Áit mhór amhránaíochta abea é, Seán de hÓra, Jack Ághas, m’athair Jim, uncailí Brandon agus Mick. Mise agus mo cholceathar Máire ar na piano accordions taréis scoile agus ag seinnt dos na céilithe. Saol níos nádúrtha abea é. Cuid nádúrtha den saol abea an t-amhrán, bhaineadh an t- amhránaí de a chaipín, bheireadh duine ar láimh air agus bhíodh sé dhá chrathadh, deireadh daoine,”ardfhear”, “árdaigh é”, “tar thíos fé”. An Bráthair Ó Cathasaigh,bhí bheidhlín aige,agus thagadh Charlie Lenihan ó Oileán Chiarraí lena bheidhlín.
Cuireadh méadú leis an dtabhairne i 1965 agus ba dheacair an éisteacht céanna thabhairt dos na hamhráin ach thosnaigh comórtaisí, rud a spreag daoine chun na hamhráin a bhailiú agus a chur os comhair na ndaoine,agus sa scoil.Tá an traidisiún go láidir i gcónaí agus an t-Oireachtas ar bhun.Is breá liom i gcónaí leaganacha áitiúla dos na poirt a chlos, nó rud éigin difriúil, suaithinseach. Sa Ghaeltacht nó imeasc cainteoirí Gaelainne, tá an teanga fite fuaite leis na scéalta agus na hamhráin, agus tugann san bonn maith do dhuine. Liam Ó Maonlaí, Máire Breathnach, Beirní Pháid, Eibhlís Ní Chinnéide, Pauline Scanlon, Mazz Ní Fhlaithearta i siopa ceoil an Daingin, agus mo cholceathracha, tá na hamhráin tabhartha go dtí an bpobal idirnáisiúnta acu. Is ins na hamhráin atá na mothúcháin.
Táimse ag seimint cheoil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ó 1986, agus ní raibh oiread “ocrais” riamh ar dhaoine chun ceol traidisiúnta a chlos. Tá leigheas ann don ngalar dubhach agus ar an bhfolús spioradálta. “Abair amhrán ” a deirtear, mar is ins an dán atá an scéal. Má éistíonn tú le Deirbhile Ní Bhrolcháin, agus “Máire Ní Eidhin” aici…’sí Máire Ní Eidhin an stáidbhean mhaisiúil”, is deacair an dán molta san, 6 bhéarsa, a shárú. Bíonn ciorcail comhrá ann agus deintear cuid acu tríd an amhránaíocht.