On Wednesday, 26th March, ITMA Chairperson Dr. Áine Hensey was announced as the winner of the Gradam Comaoine at the 2025 Gradam Ceoil awards. Áine has long been a champion of Irish music as a radio presenter and arts administrator and has had a profound impact on the tradition. Congratulations to Áíne and all other 2025 Gradam recipients. The 2025 Gradam Ceoil awards ceremony will take placeon Sunday, 4th May and will be broadcast live on TG4 and online on the TG4 player.
Tá an-áthas orainn go bhfuil Gradam Comaoine á bhronnadh ag TG4 ar ár gCathaoirleach ITMA, an Dr. Áine Hensey. Seo mar a leanas a dúirt an painéal roghnaithe ag seoladh na nGradam i rith na seachtaine: “Tá a saol caite ag an Dr Áine Hensey le caomhnú agus cur chun cinn cheol traidisiúnta na hÉireann agus lena cheiliúradh, ní hamháin i mbun craoltóireachta ach ina hurlabhraí díograiseach ar son an phobail daoine a choinníonn beo an ceol sin. Tá aird agus meas uirthi le blianta fada agus í ag cur ceol, scéalta agus sean-nósanna mhuintir na hÉireann i láthair ar an aer don lucht éisteachta sa tír seo agus thar lear. I mbun a cuid oibre di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar Clare FM agus ar stáisiúin eile, bhí ardán ar fáil ag ceoltóirí—óg, aosta nó idir eatarthu—go gcuirfeadh sí toradh a gcuid saothair i láthair ionas gur cinnte go leanann forás beo beathach ar thraidisiún bríomhar an cheoil.
Taobh amuigh de shaol na craoltóireachta, chuir Áine beocht agus fuinneamh i lucht an cheoil thraidisiúnta féin. Más ina comhstiúrthóir ar Chonsairtín, nó ag cuidiú le féilte de leithéid Éigse Mrs Crotty nó Slógadh a reáchtáil é, shaothraigh sí gan traochadh le spás inar féidir le ceoltóirí óga agus ceoltóirí óigeanta teacht le chéile, foghlaim óna chéile agus an gnás traidisiúnta a chur chun cinn arís. Is soiléir a thugtha atá sí don cheol a chaomhnú do na glúnta atá le theacht ón gcion tairbhe atá déanta aici i mbun ceannródaíochta d’eagraíochtaí éagsúla, Gael Linn, Oidhreacht an Chláir, Music Generation i gContae an Chláir, Taisce Cheol Dúchais Éireann agus eile. Is cuma cén cúram a ghlac Áine uirthi féin, seasann sí i ngach uile chás leis na healaíontóirí, agus leis na dreamanna éagsúla a choinníonn beocht i seancheol na hÉireann, agus a gcuid scéalta, a chur chun tosaigh. Is eiseamláir í Áine Hensey den sprid agus de na dea-thréithe uile a bhaineann le pobal an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.
Ní hiad na cláir atá curtha i láthair aici amháin a fhágfaidh sí le hoidhreacht, ná na féilte ar chuidigh sí le bonn daingean a chur fúthu, níl comhaireamh ná cuntas ach oiread ar oiread na gceoltóirí agus na n-éisteoirí a spreag sí. Baineann de shaintréith le dúthracht Áine Hensey i leith an cheoil thraidisiúnta gur díograis don phobal atá sa dúthracht do cheol na ndaoine—agus treisiú an traidisiúin agus bá leis i gcroíthe na nglúnta atá le theacht toradh na díograise sin.