The Irish Traditional Music Archive (ITMA) is committed to providing free, universal access to the rich cultural tradition of Irish music, song and dance. If you’re able, we’d love for you to consider a donation. Any level of support will help us preserve and grow this tradition for future generations.
Léiríonn nóta san athscríobh gur shíl Séamus Ennis go mb’fhéidir gur ríl Albanach an chéad ríl agus gur chreid Frank Cassidy go bhféadfadh sé gur ‘Bean an Tí ar Lár’ a theideal. Tugtar ‘The Nine Points of Roguery’, coitianta air agus freisin tugtar ‘The Black Mare of Fanad’ nó ‘The Black Fanad Mare’, air. Díol spéise go bhfuil an-chosúlacht ag leagan Frank Cassidy le leagan ar a dtugtar ‘The Kiltyfanad Reel’ a sheinn Francie Dearg, fidléir ó Chill Charthaigh trasna an uisce ó theach Frank Cassidy i dTeileann. Sa leabhar The Northern Fiddler (Feldman/O’Doherty), in agallamh le Con Cassidy, thug Con faoi ndeara go raibh cónaí ar Francie Dearg an taobh eile den uisce ó Theileann agus go dtagadh sé go rialta i mbád thar uisce ar cuairt chuig Frank. Thugadh sé ceolta nua leis chuile chuairt. Thug Ennis faoi ndeara nach raibh ainm ag Frank ar an dara ríl agus ar an athscríobh is é an t-ainm a d’úsáid Ennis an t-ainm a bhí ag a athair féin, an píobaire James Ennis, ‘The Pinch of Snuff’ .
Scríobh Ennis, i nGaeilge, os cionn an chorda sa dara barra ón deireadh ‘le críochnú, fantar ar an nóta seo’.